Tionscadal Pháirc Chomharsanachta na Rinne Móire!
Original footage courtesy of Emma Smith (Irish Independent). Video edited and subtitled by MKO.
Cloch mhíle spreagúil do Pháirc Chomharsanachta na Rinne Móire!
D’eagraigh an Fhoireann Deartha, i gcomhar le mic léinn ó Ollscoil na Gaillimhe atá ar an gClár Máistreachta sa Phleanáil agus san Fhorbairt agus le baill de Chumann Cónaitheoirí na Rinne Móire, siúlóid ar an láithreán do Chomhaltaí Tofa Chathair na Gaillimhe agus d’ionadaithe ó Chomhairle Cathrach na Gaillimhe.
Le linn na siúlóide, tugadh léargas beo ar an gclós súgartha atá beartaithe sa Rinn Mhór, agus an fhoireann ag leagan amach imlíne an chlóis súgartha nua chun suíomh na bpríomhghnéithe a léiriú, lena n-áirítear na trasrianta coisithe nua ar Ascaill na Rinne Móire agus Ascaill Rowan. Chomh maith leis an togra don chlós súgartha a chur i láthair, thug an ócáid eispéireas foghlama ar leith do na mic léinn phleanála, agus deis acu páirt a ghlacadh i dtionscadal pobail atá á chur chun cinn.
Gabhaimid buíochas ar leith leis an Dr Therese Conway, Stiúrthóir an Chláir Máistreachta sa Phleanáil agus san Fhorbairt, as rannpháirtíocht na mac léinn a chomhordú agus as tacú le leagan amach an chlóis súgartha.
Ba mhaith linn buíochas a ghabháil freisin le Joe Cosgrove agus leis an bhfoireann sa Delight Café i Kingfisher Club na Rinne Móire, as a bhfáilte chroíúil agus as sólaistí a chur ar fáil tar éis na cuairte ar an láithreán.
Cuirfear an t-iarratas pleanála faoi Chaibidil 6 maidir le Forbairt Údaráis Áitiúil (ar tugadh iarratas faoi Chuid 8 air roimhe seo) don chlós súgartha faoi bhráid Chomhairle Cathrach na Gaillimhe ag deireadh mhí Dheireadh Fómhair. Is céim thábhachtach chun cinn é seo don tionscadal, mar is é an clós súgartha an chéad chuid de Thionscadal Pháirc Chomharsanachta na Rinne Móire a rachaidh isteach sa phróiseas pleanála. Cuirfear iarratas ar leith do na gnéithe eile den tionscadal sa Rinn Mhór faoi bhráid An Choimisiúin Pleanála sa chéad ráithe de 2027.
Tá an-áthas orainn an tionscadal a fheiceáil ag dul chun cinn agus táimid ag súil leis an áis thábhachtach pobail seo a chur ar fáil don Rinn Mhór.